Back to top

20 Deireadh Fómhair - Athrú Éir-áide

 

 

Cláraigh anseo

Ag plé na naisc idir Athrú Aeráide, Cultúr na hÉireann agus Muintir na hÉireann

Am: 6:00 - 7:30 PM

lonad: THB-G010 Seomra Seimineáir Institiúid Uí Mhórdha, 173 Foirgneamh Uí Argadáin, Oscoil na hÉireann Gaillimh, Gailleamh

Ticéid: saor (Srian 50 ar an gclárú)

Cainteoirí:

An tOllamh Rióna Ní Fhrighil, Ollamh sa Nua-Gaeilge
Laoighseach Ní Choistealbha, Mac léinn PhD
Dr. Rónán Kennedy, Léachtóir NUIG
Lorna Ni Shuilleabhain: Front Line Defenders, Modhnóir agus cainteoir

Tá na fadhbanna a bhaineann leis an Athrú Aeráide ag éirí níos forleithne agus níos géire in Éirinn agus ar fud an domhain. Tá sé mar aidhm ag an ócáid seo, feasacht a mhúscailt faoi impleachtaí an Athraithe Aeráide agus easpa oibre Rialtas na hÉireann a phlé. Ni bhreathnoidh an imeacht seo ar na gnéithe phraiticiúla den athrú aeráide amháin, ach freisin ar an nasc idir litríocht na Gaeilge agus an t-athrú aeráide. Ta filíocht na hÉireann lán le paisean agus díograis a bhaineann le tubaistí nádúrtha agus le tubaistí daonna, an t-athrú aeráide ina measc.

I mí an Mheithimh 2020, ghlac Friend of the Irish Environment (FIE) caingean dlí i gcoinne rialtas na hÉireann mar gheall ar easpa gnímh an rialtas maidir le hathrú aeráide. Glaotar ‘Climate Case Ireland’ ar an gcás seo agus is é an chéad chás dá leithéid in Éirinn. Le linn na hócáide cloisfimid ón Dr. Rónán Kennedy, a chomhscríobh alt ar ‘Climate Case Ireland’. Foilsíodh an t-alt seo san Iris Pleanála agus Dli na Timpeallachta, na hÉireann. Is léachtóir ag NUIG é Rónán, a bhfuil taithí shuntasach aige i dtaighde dlí comhshaoil.

Labhróidh an tOllamh Rióna Ní Fhrighil agus Laoighseach Ní Chocastlebha ó Roinn na Gaeilge ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. faoin nasc tarraingteach idir filíocht na Gaeilge agus cearta an duine. An fhilíocht chomhaimseartha agus an t-aistriúchán liteartha na príomhréimsí taighde atá ag Rióna . Tá Laoighseach ag dul faoi PhD,  ag déanamh taighde scagadh ar an athláithriú a dhéantar ar chearta an duine i bhfilíocht na hÉireann san fhichiú haois agus anuas go dtí ár linn féin, le tionscadal darbh ainm Republic of Conscience: Cearta an Duine agus Nuafhilíocht na Gaeilge. Is tionscadal idirdhisciplíneach é Republic of Conscience: Cearta an Duine agus Nuafhilíocht na Gaeilge a bhaineann go dlúth le léann na litríochta, léann chearta an duine agus léann an aistriúcháin.

Reáchtálfar an ócáid seo trí Ghaeilge. Deis a bheidh ann gnéithe de chultúr na hÉireann agus chearta an duine a chur le chéile. Tabharfaidh an ócáid ​seo deis do dhaoine a bhfuil spéis acu sa Ghaeilge, san athrú aeráide agus i gcearta an duine na réimsí seo go léir a phlé ag aon ócáid amháin.

Rióna Ní Fhrighil 

Is í an tOllamh Rióna Ní Fhrighil Príomhthaighdeoir an tionscadail ROC agus is léachtóir í in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.  An fhilíocht chomhaimseartha agus an t-aistriúchán liteartha na príomhréimsí taighde atá aici. Sa tréimhse 2014-2016, bhí sí ina príomhthaighdeoir Gaeilge ar an mhórthionscnamh taighde 'The Representation of Jews in Irish Literature' a mhaoinigh AHRC. Comhstiúrthóir í ar an tionscadal ‘Aistriú’ (www.aistriu.eu), togra aistriúcháin agus ealaíne a bunaíodh agus Gaillimh ina Príomhchathair Chultúir na hEorpa (2020). 

Laoighseach Ní Choistealbha

Tá Laoighseach ag obair cheana féin ar an togra 'Republic of Conscience' faoi chearta an duine agus cúrsaí filíochta; le páistí scoile ar fhilíocht faoin athrú aeráide; agus beidh tús á chur aici le PhD ar ábhar gaolmhar i Meán Fómhair 2021.

Dr Rónán Kennedy

Cuireadh oideachas ar Rónán Kennedy in OÉ Gaillimh, in King’s Inns, Ollscoil Nua Eabhrac, agus i gColáiste na hOllscoile, Londain. D’fhoilsigh sé go fairsing ar dhlí an chomhshaoil, dlí theicneolaíocht na faisnéise, agus ábhair eile, agus tá sé ina chomhúdar ar dhá théacsleabhar. Bhí sé ina Oifigeach Feidhmiúcháin Dlí do Phríomh-Bhreitheamh na hÉireann, an Breitheamh Ronan Keane, ó 2000 go 2004. Bhí sé ina bhall de Choiste Comhairleach na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil ​​ó 2016 go 2019.

Lorna Ni Shuilleabhain

Is í Lorna an tOifigeach Bunachar Sonraí ag Front Line Defenders. Tá cúlra ag Lorna i sonraí agus cearta daonna. Rinne sí Baitsiléir Eolaíochta i Staitisticí ag UCD agus LLM sa Dlí Idirnáisiúnta um Chearta an Duine ag NUIG. Sula thosaidh sí le FLD, rinne sí intéirneacht le GLAN, ag obair i dtaighde, ag bailiú sonraí agus ag forbairt gréasáin. D'oibrigh sí freisin mar éascaitheoir oideachais forbartha le Comhlámh agus ghlac sí páirt sa ‘Innocence Project’ ag NUIG.